Is cuimhin liom bheith ar bhrollach mo mháthar. Cheithre bliana bhíos sarar baineadh de dheol me. Is me dríodar an chrúiscín, deire an áil. Sin é an fáth gur fágadh comh fada ar na cíní me.

Do bhíos im’ peata ’na theannta san. Ceathrar driféar agam agus gach nduine aca ag cur a goblaigh féin im’ béal. Bhíos mar bheadh gearrcach éin aca: Máire Dhomhnaill, Cáit Dhomhnaill, Eibhlín Dhomhnaill agus Nóra Dhomhnaill, Pádraig Dhomhnaill agus me féin Tomás Dhomhnaill. Tá Máire fós beo san oileán so, [1] tá beirt eile aca beo i Meirice, tá Pádraig beo. [1] Cailleadh Cáit agus an pinsion ráithe aici. Sin iad an t-ál do bhí againn ann. Do bhíodar san ar fad [  8  ] mór le linn mise bheith im’ bháb insa tslí nárbh’ iongantas dom a bheith im’ peata eatartha. Ní raibh mór-shúil chuige liom san am gur bhuaileas chúcha.

Fear ná raibh árd dob’ eadh m’athair. É teann téagartha. Bhí mo mháthair i n-aoirde póilín go rábach. Í scufánta, lúthmhar, láidir, fionna-ghléigeal ach le linn mise do bheith ar a brollach aici ní raibh an scamhárd ar an mbainne cích’; agus rud eile, me féin im’ ghamhain seana-bhó agus deacair a thógaint.

fall - Translation to Irish Gaelic with audio.


An t-Oileánach/2 - Wikisource

Posted by 2018 article

51Pxv18JFrL